Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a théigeann na cearca amach ar maidin go moch cosamhlacht gan an lá fliuch.Dá b'fheictheá cearc agus sop tuidhe greamachtha don cearc cosamhlacht bás é.Dá b'fheictheá spidóg ar bhárr chrainn ag seinm ceól cosamhlacht lá breágh é.Nuair a d'fheictheá na géamha fiadháin ag teacht ó'n taobh o thuaidh cosamhlacht aimsear fuar é.Nuair a d'fheictheá na géamha fiadháin ag dul go dtí an taobh ó thuaidh cosamhlacht aimsear mhaith é.Nuair a d'fheictheá na géamha fiadháin ag eitilt an árd cosamhlacht aimsear fuar é.Nuair a d'fheictheá na fáinleóga ag eitilt an árd cosamhlacht aimsear breágh é.Nuair a bhíos dath gorm ar na sléibhte is comhartha báistigh é.