Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timchealls míle go leith thoir dtuaid o'n sgoil seo tá cnoc mór árd. Cnoc-Ruadh a tugtar air. Tugtar an t-ainm sin mar geall ar an dath atá air, mar tá fraoch ag fás ar a thaobhanna. Tá carn cloch ar a bhárr agus le h-ais an chairn seo tá tobar beag beannauighthe. Tobar Naoimh Bearnáin a tugtar air. Tá balla beag thart timcheall an tobar.Seo sgéal an thobair.
Deirtear go raibh Naom Bearnáin ag iasgaireacht le slat agus doruigh lá in áit eicint. Thuit an slat as a lámaibh isteach san uisge. Sguaib an t-uisge leis é. Tamaill in a dhiaidh sin bhí mánach as Mainistir Cnuic Mágh ag siubhal do féin ar bhárr Chnuic Ruaidh. Chonnaic sé an slat ag gobadh aníos o'n dtalamh. Tharraing sé aníos é, agus on bpoll beag as a tharraingeadh e, thosuigh an fior-uisge gle geal ag eirigh anios. Tá an tobar ann o shoin agus cuireadh 'Tobar Naomh Bearnán' mar ainm air.Bionn go leor daoine ag tabhairt turas ag an dtobar Lá 'le Bearnáin gach bliadhan. Suas go dtí scór bliadhain o shoin, do thagadh na sluaighte as ceithre conndathe (Gaillimh, Muigheo, Roscomáin agus Cláir) ann. Do thagaidís an lá roimh Lá Bearnáin agus ní imtheochaidís go dtí an lá in a dhiaidh. Do thugaidís turas i dtosach agus do chaithfidís an t-am annsin ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe