Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Eachtra an Mhairnéalaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur fada an lá nach bhfaca sé fear as Éireann ach ar a bhfaca tú ariamh núair a iarrfhas sé lámh ort ná tabhair aon lámh dó. Tá cramh ceathramha bulláin lé hais an dorais agus sínfhidh tú cuighe i, déanfaidh sé púdar de'd láim fhéin. Tá greim chómh cruaidh sin aige." Rinne an fear mar a dúbhradh leis. Núair a chúaidh sé isteach an doras, fuair sé an t-sean dhuine sa leabaidh. Fuair seisean a bhaladh, cuir sé fáilte roimhe. "Tarra uait annseo go gcraithfidh mé lámh leat" a dubhairt an sean-dhuine. Chuaidh sé go dtí é sa leabaidh agus thug sé leis an cnam ceathramha de'n bhulláin agus sín sé chuighe é as a láimh agus rinne sé púdar de. "Teastuigheann uaim," adeir an sean-fhear, nuair a rachaidh tú abhaile gabh soir go dtí coill Baile na h-Inse agus gearr ceithre crainn. Tiubhraidh tú leath iad agus chaith amach iad i Loch Máimín i gConamara. Rud eile atá mé ag iarraidh ort, tá páirc agat sa mbaile, tá cloch ann a bhfuil caoi aithridh uirri agus nuair a fheiceas tú í bheidh fhios agat gurbh i an chloch atá mé ag rádh fuithi. Ionntochaidh tú an chloch sin agus tá boisgín iarainn fuithi agus tiubhraidh tú leat chugam annseo é. Ná h-oscail é go bhéarfaidh tú chugam é. Chuaidh an máirnéalach abhaile agus go Coill Baile na h-Inse agus gearr sé an t-adhmad. Chuir sé ins an loch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán de Faoite
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe