Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 162
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)74) An áit a mbionn mná bionn clampar ann
75) Cuir culadh sioda ar gabhar agus beidh sé in a gabhar i gcomnuidhe
76) Dá mbeadh cuinneóg ag an gcat, badh mhinic a phus féin ann
77) Ní sgéal rúin é, tá fhios ag triúr é
78) Pós ar an gcarn aoiligh, acht díol do bhó i bhfad ó bhaile
79) Is fada siar an rud nach gcuirfeadh Dia aniar80) Ní h-iad na fir móra a bhaineas an Fóghmhair81) Dearmad bean an tighe a bheathuighes an cat82) Ná mol luath ar eagla go gcáinfeá mall
83) Suidhe mic i dtighe athar, suidhe shocar sásta
Act suidhe athar i dtígh mic, suidhe corrach cráidhte
84) Ag magadh faoi chéile maireas an saoghal
85) Tá fuadar árd faoi, mar a bhíos faoi cabáiste an duine bhoicht
86) Dá mbeadh spré ag an gcat is deas a pógfaidhe a bhéal
87) Is laidre ná Dia an té a chuireas fad siar o'n a theach88) Ní luaithe an ghaoth Márta ná intinn mná óige89) Liontar sac le poiríní
Uimh 1-20 Micheal C. De Búrca as Cruim-ghlinn, 12, do bhailigh iad
20-33 - Séan Ó Cosgraigh as Láthrach Mór, 13, do bailigh iad
33-55 - Pádraic Mac Iogo do bailigh iad
55- 71 - Padraic Ó Laithmhe, 11 1/2, as Cruim-ghlinn do bailigh iad
71-89 - Seán O Donnchadha do bailigh iad- Bailitheoir
- Seán Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann