Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 157
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)9 Ní ceart bainne a thabhairt ó'n tigh go ndéanfar maistreadh tar éis do'n bhuin laogh a bhreith
10 Má thagann duine isteach agus tú ag deanamh maistreadh ba cheart dó a lámh a leagaint an an luithne ar fhaitchíos go dtabharfadh sé an t-im leis
11 Mara bfhuil an t-im ag teacht sa gcuinneoig cuir smearóid fuithe nó gráinne salann.
12 Má dhoirteann tú salann caith gráinne thar do ghualainn clé ar fhaitchíos go dtiocfadh an mí-ádh ort.
13 Má bhuaileann tú le crúdh capaill ar an mbothar cuirfidh sé an t-ádh ort má thugann tú abhaile é agus é a choinneál.
14 Má fheiceann tú duine ag obair is ceart "Bail ó Dhia ar an obair" a rádh ar fhaitchíos go gchuirfeá an droch-súil air agus is ceart "Bail ó Dhia air" a rádh faoi gach rud a theasbáintear duit.
Comhairthe Báistighe1 An súth abheith ag tuitim síos an simnéal.
2 An dubhán-alla a fheiceál ag teacht amach ó n-a líon
3 An trosgán abheith ag giosgán.
4 Nuair abhíonns na lacha ag grágail ós árd
5 Na cuileoga abheith ag cur isteach ar na buaibh.
6 Na fainleóga abheith ag eitilt ós íseal
7 Nuair a árduigheanns an ghaoth an ceo-bothair de'n bhothar.
8 An mada a fheiceál ag ithe féir
9 Lasair ghorm a fheiceál sa teinidh.- Faisnéiseoir
- Seán Ó hObáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe