Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 155
- XML “Marbhna Phádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go h-Éirinn
Mo Chúm ghiorthán ghlan uasal le n-ár chaill mé mórán do mo léargus.
Go raibh duine ag gach duine dá meabhaireóchaidh í, acht ar aon duine ná ceillteari í.
Crios fhionnán mo chrios
Crios na gceithre gcrios
Crios ar geineadh Críost
Críost ar geineadh as
Ó a mháthair fóir ar an mbean atá in airteagal an bháis.
Fóir thú féin a Mhic mar is ar do láimh atá, Baisde a thabhairt do'n leanbh agus an bhean a thabhairt slán.
Eirigh a bhean agus beir do leanbh mar bheir Anna Muire, mar rug Muire Dia, mar rug Seibéal Eoghan Baisde, gan bhoidhre, gan uireasba amharc, gan easbaidh cois ná láimh agus ó a a Thighearna Amén.
Marbhna Padraic agus í a rádh i nGaedhilge acht faríor gan í ag fearaibh Éireann agus dá mbeadh gan a bheith acht na trí ranna deireadh go dtiubhraidís ó chathaidhe an Diabhail go Flaithis Dé thú.