Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhinnéar d'fíafruigh sé cá raibh an dhinnéar. D'innis a bhean an sgéal dó. Níor dhúbhairt sé focal acht arsa sé leis fhéin "Is mairg bheith pósta ag óinseach.
Bhí go leór airgid ag Dómhnall agus bhí faitchíos air go gcuirfeadh sí amú é. Shocruigh sé go gcuirfeadh sé i bhfolach é. Dúbhairt sé leithí go gcaithfeadh sé é a chuir i bhfolach san gáirdín acht dúbhairt sé leithí gan lámh a chur air. Gheall sí dó nach gcorróchadh sí é. An lá in a dhiaidh sin núair a bhí Dómhnall imthighthe amach ag obair tháinig teincéaraí chun an teach. Bhí soithigh deasa lé díol acú agus bhí síad ag íarraidh ar Dionnóg íad a cheannacht. Bhí na soithigh ag teasteál ó Dionnóg acht ní raibh pinghinn sa teach aicí lé íoc ortha. Dúbhairt sí leó go raibh airgid i bhfolach sa gairdín agus theasbeán sí an áit dóibh. Núair chonnaic síad an méid airgid a bhí ann thug síad na soithigh do Dhionnóg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Glinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Abart, Co. na Gaillimhe