Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Scéal - Fear a Bhí Pósta le Óinsigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Fear a bhí pósta lé óinsigh
    Bhí fear ann úair amháin agu[s] Dómhnall ab'ainm dó. Bhí sé pósta lé bhean darb' ainm dí Dionnóg. Bean leibideach dob eadh Dionnóg acht ní raibh a fhios sin ag Dómhnall núair phós sé í. Shíl sé gur bean chríonna chruaidh a bhí inntí.
    Chuaidh Dómhnall amach ag obair maidin amháin agus ar a dhul amach dhó dúbhairt sé lé Dhionnóg dinnéar maith a bheith réidhtighthe d[ó.] Dúbhairt sí go mbeadh agus thosuigh sí ag obair. Chuir sí píosa dea[s] mairtfheóla síos san frioctán dá róstadh. Chuaidh an bhean síar sa seomra. Bhí mada sa teach agus rug sé ar an píosa feóla agu[s] amach an doras leis. Is annsin do chuimhnigh Dionnóg ar an fheóil. Rith sí in dhiaidh an mhada ach[t] ní raibh sí in ann teacht súa[s] leis. D'fill sí ar ais arís. Núa[ir] a tháinig Dómhnall isteach chuig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Glinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Abart, Co. na Gaillimhe