Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Scéal - Comhairle Dhónaill Uí Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I Sgéal.
    Cómhairle Dómhnaill Uí Chonaill.
    Tháinig fear abhaile ó Americá úair amháin, agus chuir sé faoí í dteach ósta í mBaile Átha Clíath. Bhí a lán airgid aige, agus í lár na h-oidhche tugadh uaidh é.
    Ní raibh fhios aige cé ghoid é, agus lá amháin d'innis sé a sgéal do Dhómhnaill Ó Chonaill. Chómhairligh Dómhnaill dó, croiceann bhó a chur air sa leaba. Rinne an fear sin.
    Núair a tháinig fear an teach ósta isteach sa seómra in a raibh an fear chonnaic sé na h-adhairce, agus na cosa. Cheap sé gurbh é an diabhail a bhí sa leab[a] agus chuir sé fios ar an sagart.
    Bhí eólas ag an sagart faoí chómhairle Dhómhnaill Uí Chonaill. Dúbhairt sé lé fear a tíghe, gur goideadh airgead ó fear a chodail sa t-seómra, agus nach raibh sé in-ann rud a dhéanamh go bhfuigheadh an fear an t-airgead arais. Chúaidh an fear síos, agus núair a tháinig sé arais, bhí an t-airgead aige, agus tugad[h] don fear ó Americá é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Ceannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Doirín, Co. na Gaillimhe