Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Dómhnaill Ó Conaill, agus an cupán nimhe.Fear a raibh grádh mór aige d'Éirinn a b'eadh Dómhnaill Ó Conaill. Bhí fúath ag na Sasanaigh dó. Is iomdha seift a bhaineadar feidhm as chun é a mhairbhiú, acht theip orra.Thugadar cuireadh dó bheith í láthair ag fleadh mór í Sasana úair amháin. Gaedheal a b'eadh an cailín aimsire, a bhí ag réidhtiú na béilí. Núair a bhíodar suidhte ag an mbord labhair an cailín lé Dómhnaill i nGaedhilge.
Ar sise:
"A Dhómhnaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaedhilge?"
"Tuigim a chailín, cad é is léar dhuit?"
"Tá an méid sa chupán is a mharbhóchadh na céadta."
"Más fíor é do sgéala, a chailín, is maith é do spré-se."
Ní raibh fhios ag na Sasanaigh cad a bhí síad a rádh.
Chuir Dómhnaill a lámh in a phóca, agus sgaip sé dorn airgid faoin mbord(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ceannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Doirín, Co. na Gaillimhe