Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an buidéal fíona dí. Thug sise túbháille dó agus dúbhairt sí; "Chuile úair a sgaras tú an túbháille seo beidh gach sórt bíadh agat, agus seo slaitín sídhe duit agus coinnigh go daingean é.
D'imtigh leis annsin go dtáinic sé chuig an g-cros-bhóthair acht núair shrois sé an áit thuit sé ina chodhladh. Tháinic na driotháir agus bhaineadar na trí úbhla dhe agus chuireadar trí crab ina phóc[a.] D'úisigheadar annsin é agus chúaidheadar abhaile. Núair tháiniceadar chuig an leaba d'fíafruigh an t-athair díobh an raibheadar i ngáirdín na brídeóga.
"Bhí mise ánn"; arsa an mac is óige. Chuir an mac a lámh ina phóca agus thug sé na h-úbhla dhó acht dá ndonacht a bhí sé roimhe seó bhí sé seacht n-úaire níos measa anois in dhíaidh na "chrabs". "O, bí ag imteacht uaim tá mé níos measa anois ná mar bhí mé aríamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe