Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhan an bhúachaill agus d'fan go dtí go raibh sé ceithre a chlog san tráthnóna. D'fhéach sé uaidh agus chonnaich sé Sionnach Bán na nocht gcos ag teacht go tapaidh. Bhí an buachaill amuigh roimhe agus d'aimsigh é feín agu[s] an leath eile de'n gadhair, é, lean é féin agus na gadhair é agus bhí síad ag imteacht agus ag siór imtea[cht] go dtí seacht a chlog san oidhche. Bhí síad a cur an t-sionnaigh anonn is anál go dtí go dtháinig an sionna[ch] chuig loch mór uisge. D'éirigh sionnach bán nocht [!] gcos agus chúaidh sé de léi[m] isteach, thar uisge chuig tortán bán a bhí i lár na locha. Bhúail an bhúac[h]aill gleas ar an gcapall agus chúaid de léim isteach san uisge agus snamh chuig an tortán bán ina raibh an sionnach. Chuir sé súil rath[a] ar an "whip" ar chuir sé isteach an muineál an t-sionnaigh bháin na n-ocht gcois agus tharraing sé amach é go beó beitheach. Tharraing sé súas é go teach an duine uasal. Bhí an máistear annsin ag caoineadh go rai[bh](leanann ar an chéad leathanach eile)