Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na paca gadhair aige cuirfidh mise "beit" leat ar airgead ar bith. Má bhfaghaim-se lá eile go marbhóchaich é. Níl aon airgid agam ach cuirfidh mé an teach mór agus mó dúthaigh ar fad in aghaidh airgid ar bith nach marbhocaidh tú é. Dubhairt an duine uasail eile go marbhóchaidh sé é. Bhí an "beit" curta acú.
Ar maidin tháinig sé anúas chuig an búachaill a bhí in éinfidh leis, agus dubhairt sé leis go raibh "beit" curtha aige leis an duine uasal gurbh leis an teach. Ars an buachaill leis is olc an obair é atá air agus tá faithchios orm go gcaillfidh tú é. Bfhuil fhios agat anois cad a dhéanfaidh tú ars an bhúachaill. Tabhair leat anois leath an gadhar agus téigh in dhiaidh an t-sionnaigh bháin na n-ocht gcos agus fanfaidh mise annseo leis an leath eile, agus beidh sionnach bán na nocht gcos suráilte teacht na dtreó seo san tráthnóna D'imtigh an duine uasal leis le na ngadhar ina dhiaidh an t-sionnaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)