Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Sionnach Bán na nOcht gCos - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuig an duine uasal teacht amach. Dubhairt seisean go raibh áit aige. Chuir an duine uasal a bhí ag fíadhach, na gadair isteach i sgioból ach ceann amháin, agus dubhairt sé leis an duine uasail eile go gcaitheadh sé an gadhar sin a thabhairt isteach leis. Tug sé isteach é. Gearr bhí síad istigh núair chuir sé fios air anuas, le dul súas san phárlús. Chuir an duine uasal a bhí ag fíadhach sgéal súas cuige, le rádh nach b'féidir leis dul súas muna leigeann súas an gadair in éindigh leis. Dubhairt an duine uasail a bhí súas go leigfeadh. Chúaidh síad súas agus bhí síad ag ithe is ag ól go dtí a h-aon déag a chlog san oidhche. Núair a bhí sé an t-am sin thosuigh an gadhar ag sianghail arís. Dúbhairt an duine uasal gur leis é an gadhar faoí, bhí an sionnach a bhí mé ag fiach ó maidin, tá sé annse[o] arís anocht. Dubhairt an duine uasail a bhí súas gurbh é sin "sionnach bán na nocht-gcos," agus ná mbeadh aon rún agat go mairbheochaidh tú é, ní marbhóchadh leó na mine an sionnach sin. Chuir síad "bheit" air nach mairbheóch na paca gadhair an sionnach sin. Dubhairt an duine uasail an raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge