School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 094
  3. XML “Scéal - Éamon an Luich agus an Giorria Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Éamon a Luich agus an giarfhaidh Sidhe.
    Ar an "lios" i bparóiste na Mainistreach a bhí Éamon a Luich ina chómnuidhe. Agus ins an am sin bhíodh giarfhaidh a fheicéal ar an mbaile agus ní raibh cú ar bith in ann breith air. Ach lá amháin d'imthigh na coin in a dhiaidh agus bhí cú dhubh ann a bhí ag teacht súas leis. D'aimsigh an chú dhubh é ar deireadh agus bhain sí greim as a cheathrú. Thárla d'Éamon an Luich a bheith a gabháil an bhealaigh ar an bpoinnte sin agus é ag marcuigheacht ar chapall. Léim an giarfaidh ar an gcapall chuige ag íarraidh é fhéin a shábháil ar na cointí. Chúmhdaigh Éamon aí Luich é agus leig sé uaidh arís é núair a bhí na coin imthighthe.
    Sgathamh ina dhiaidh sin goideadh capall ó Éamon. D'imthigh sé ar chúairidhe a chapaill go dtáinic sé go Cúige Uladh. Tháinig sé isteach i dteach annsin san oidhche ar íarraidh lóistín. Ní raibh sa teach ach sean bhean agus chuir sí fáilte roimhe ina ainm agus ina sloinneadh. Dúbhairt sí leis gurab í fhéin an giarfhaidh a shábháil sé ó na coin agus theasbáin sí dhó an mharc a d'fhág an chú dhubh uirtí, núair a bhain sí an greim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Fiadhaigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Fiodh Thiar, Co. na Gaillimhe