Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Conchubar agus an Dá Chaoirigh - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fathach amach agus díarr sé ar Concúbhar céard a bhí sé ag déanamh. Dúbhairt Concúbhar go raibh air úalach sglátaí a thabhairt abhaile dá mháighistear. Níor dhéan an fathach acht an capall agus an cárr do chaitheadh súas leis. Rug Concúbhar ortha arís agus chaith sé íad leis an bfathach. Leanadar mar sin go dnearnadar [!] mhíle smidiríní den chapall. Léam Concúbhar anúas annsin agus chuir sé an bfathach isteach faoi an gcárr. Líon sé úalach mór sglátaí annsin agus shuidh sé súas ar an gcárr agus bhí sé ag baint feidhm as an bearra-iarainn agus ní raibh sé acht cúpla uáir ag dul abhaile. Núair chonnac [!] an mháighistear é ag teacht bhí sé ar creathadh lé heagla acht dúbhairt sé go gcaithfhidh sé tríail a bhaint as seift eile chun Concúbhar a ghlanadh as a theach. Maidin lá ar na mbárach thug sé litir dhó agus dúbhairt sé leis é a thabhairt do "Gaisgidheacht na Gceithre gClogainn", nár rinne cainnt ná gáiridhe lé na cíannta blíadhanta. Chúaidh Concúbhar agus bhí sé ag imtheacht go dtáinic sé go tíghe an gaisgidhe. Chúaidh sé isteach agus núair bhí sé tamaill maith istigh dúbhairt sé leis an bhfear, "Céard tá ort nó ce'n fáth nach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe