Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht ceann amháin agus go mba deacair breith air, agus núair a shíl sé é a chur a' dúghail gur bhain sé bárr na méara dhe. Sgaoil amach é ars an duine-úasal go bfeichfhidh mé a' rith é. Má sgaoilim arsa Concúbhar bheith sé an-dheacar a breith air arís. Sgaoil sé an giarrfhaidhe amach agus annsin dúbhairt sé lé Concúbhar breith air arís. Thosuigh Concúbhar ag rith ina dhíaidh agus bhí aon oidhche ann sul a raibh sé gabhtha aige arís. Thug sé é don duine-úasal arís agus sgaoil seisean amach é agus dúbhairt sé lé Concúbhar gan bacadh leis go dtiúbharfadh sé obair eile dó lá ar na mháireach. Tháinic Concúbhair chuig an mháighistear an lá ina dhíaidh sin. Theasbáin an duine-úasal páirc, ina raibh deich acra talmhan, dó, agus dúbhairt sé leis muna mbeadh sé treabhtha aige sa tráthnóna go mbainfeadh sé an cloigeann de. Thug sé an dá chapall ba mheasa sa stábla dhó agus thosuigh Concúbhar ar an obair. Ní bheadh fhios ag an saoghal an é soir nó síar a bhí sé ag dul. D'oibhrigh sé leis go ceann cúpla úaire agus annsin tháinic stail mór an loch a bhí inaice na páirce agus rug sé ceann des na sean-chapall síos ins an loch leis. Ní raibh fhios aige anois céard déanfas sé acht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe