Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 082
  3. XML “Conchubar agus an Dá Chaoirigh - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    déanamh aige. Lá ar na mháireach bhí Concúbhar ag siúbhal thart féachaint an raibh aon úain óga acú. Bhí go leór sgeacha agus toim ag fás san bpáirc ina raibh na gcaoirígh. Thosuigh sé ag caitheadh cloch isteach i dtom aitinne lé faithcíos go mbeadh aon úan ann i ngan fhios dó. D'eirigh giarrfaidhe as amach agus dúbhairt Concúbhar go mba úathbásach an sgéal é sin, acht caithfidh mé breith air go gcuirfidh mé é a dúghail. Thosuigh Concúbhar ag rith in dhíaidh an giarrfaidhe agus bhí tuitim na hoidhce ann sul a rug sé air. "Tar éis é bheith 'gam anois, arsa Concúbhar, níl fhíos agam cén ceann de's na caoraí a mháthair acht cuirfidh mé a dúghail é ar an gcaora is mó a bhfuil bainne aicí. Rug sé ar an gcaora agus shíl sé an giarrfaidhe a chur a' dúghail. Chuir sé a mhéar ina bhéul leis an sine a chuir síos ann acht bhain an gíarrfaidhe bárr na méara de lé greim fíacla. "Bhfell," a deir Concúbhar, "is aisteach an úan tusa acht béarfaidh mé isteach chuig an mháighistear thú go bfeicidh sé thú ar chaoi ar bith. Chúaidh sé isteach agus díarr an mháighistear air an rugadh aon úan. Dúbhairt Concúbhar nár rugadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe