Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raosca mór móna agus thairring sé beart mór de slait a bhí ag fás ánn go ndearna sé lód mór. Líon sé leath-bhealaigh den lód lé múitín agus sean-fhéar. Chúaidh sé abhaile chuig a mháthair agus dúbhairt sé léi dul síos sa lód ina seasamh súas. Rinne sí amhlaidh agus chuir sé an lód thiar ar a chruit agus shiúbhal sé isteach go doras an duine-úasal agus cé casadh leis i dtosach acht an duine-úasal féan. "Ceárd a theastuigheans uait", arsa sé lé Concúbhar. "Bfell" a deir Concúbhar "ní raibh aon slighe-bheatha agam acht dhá chaora agus mharbhuigh mé íad in onóir duitse |íad| núair a bhí tú lé pósadh agus anois caithfidh tú slighe-mhaireachtáil a thabhairt domhsa agus dom mháthair". "Bhéarfhaidh mé sin duit," ars an duine-uasal leis, "Bhfuil tú inann chaoirigh a chómhdacht". "Tá", a deir Concúbhar, "sin é an céud obair a chleachtuigh mé agus tá mo mháthair inann cearcaí agus franncaí a bheathadh". "Ceart go leór", a deir an duine-úasal. "Tara uait amach agus teasbáinfhidh mé na caoraigh duit. Thug sé Concúbhar leis agus theasbáin sé na mátharacha ar fad dó agus bhí cuid acú ag breith úain óga. Dúbhairt an mháighistear lé Concúbhar aire maith a thabhairt dóibh, agus bhí sé an-athásas [!] as an obair a bhí lé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe