Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Conchubar agus an Dá Chaoirigh - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus sé an céud [> chéud] obair a rinneadh sé, ná ag caitheadh léam. Bhí sé inann dul go léam thar an teach ar a chúl agus ar a aghaidh. Ní raibh de saidhbris acú acht dhá caora agus dúbhairt Concúbhar lé na mháthair an lá seo go raibh na caoirigh gann i bhféar agus go gcaithfeadh sé dul a fasaoicht leó. "Cá mbeadh tú a' dhul leo a amadán ars an mháthair. Dúbhairt Concúbhar go rachadh sé isteach ar thalamh an duine-úasail. Dúbhairt an mháthair go mbeadh fearg air annsin acht dúbhairt Concúbhar go mba chuma leis. Ar maidin Dé Lúain d'eirigh Concúbhar agus rug sé caora faoi aon ascal leis agus d'eirigh sé go léam agus chúaidh sé isteach i gcoill an duine-úasal, agus lá ar na mbárach rinne sé an rud céadhna. Tháinic an sheepéar sráid chuige Dia Céadaoin agus dúbhairt sé lé Concúbhar go mbeadh fearg ar an mháighistear dá bfeicfeadh sé é ag déanamh an iomarca tresposs istigh ina gcoill. "Stop do bhéul" arsa Concúbhar, "agus bíodh cíall agat". "Bhfuil aon sgéul núadh agat seachas bheadh ag cainnt fúmsa agus mo chuid caora "Bhfuil tá sgéul agam," ars an sheepéar, "tá mo mháighistear lé beith ag déanamh cleamhnais san oidhce Diardaoin." "Bhfell má tá arsa Concúbhar maróchaigh mise ceann de's na caoirigh in
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe