Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Concubhar agus an Dá Chaoraigh
SgéalBhí fear agus bean fadó agus 'sé an t-ainm a bhí ortha ná Seán agus Bríghid. Thuiteadar i ngrádh lé chéile agus do phósadar agus faoi théis naoi míosa bhí mac óg acú. 'Sé an t-ainm a ghlaodh síad ar an mac Concúbhar. Cailleadh an t-athair go haith-ghearr ina dhíaidh sin agus d'fan Concúbhar sa gclíabhán gan cainnt ná coisidheacht go ceann seacht mblíadhna. Dúbhairt an mháthair annsin go gcaithfidh sí pósadh lé fear a bheith aicí chun an obair a dhéanamh. Labhair Concúbhar sa deire agus dúbhairt sé léi fanacht seacht mbliadhna eile go mbeadh sé féin ábalta an obair a dhéanamh annsin. "Déanfidh sin" ars an mháthair acht dfan Concúbhar sa gclíabhán seacht mblíadhna eile. Núair bhí an seacht mblíadhna sin caithte dúbhairt sí go gcaithfheadh (fidh) sí pósadh nár fhéad sí an teach a coinngheál ní bfuide. Labhair Concúbhar arís agus dúbhairt sé nár bfhiú dí pósadh go ceann seacht mblíadhna eile agus go ndéanfhadh sé bean-úasal dhí sa deire. Dúbhairt sí go ndéanfadh sin agus dfhan sí seacht mbliadhna eile. Bhí Concúbhar blíadhan is fiche anois agus shiúbhal sé amach as an gclíabhán ina fhear chómh breágh is dféadfhá feiscint. D'imthigh leis ar fud na garrdhanta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe