Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bheirt Gaiscigheach is Fearr in Éirinn
Sgéal.Bhí beirt thiar i gCnoch Meágh, fear agus bean Bhí acu triúr clann mach. Ní raibh sa domhan acú ach seacht gcinn de gabhair. Sin a raibh acú go raibh an mach ba shine blíadhain is fiche. Tháinig sé isteach chuig a athair tráthnóna deirneach. "Mhell" a athair a dubhairt sé, "tá mise annseo bliadhain is fiche agus níl againn acht seacht gcinn de gabhair." "Measann a mhich gur fíor duith. Déanfaidh mise amach cos duith i Shasana." "Maith go leór a athair" is sin atá uaim". Más é sin é ars an dárna dearbháthair. "Fáigheadh cos dhomsa ann ní bhfanfaidh mé annseo níos fuide". "Maith go leór" ars an t-athair "gheobhaidh mé é sin duith".
Fúair síad íad féin réidh Maidin De h-Aoine agus fúair síad a gcuid ticéad ag Baile Atha Cliath. Chúaidh síad anonn go Sasana, chaith síad annsin trí mhí gan aon obair agus gan cainnt air. Sa deire do léigh an dearbhathair ba shine sa pháipéar go dteastuigheann le duine úasal fir le h-aghaidh obair a dhéanamh. Tharraingh síad air. Núair a tháinigh síad in aice an dhorais, d'íarr síad an obair. D'íarraidh an duine uasal ortha cad a raibh síad inann a dhéanamh. Dubhairt síad go raibh síad inann gach a thagfadh treasna an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Brían
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gleann an Mhíl, Co. na Gaillimhe