Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsin thosuigh an troid. Bhailugh na daoine as an áit seo agus thosuigh ag liubhradh na daoine as Orán Mhór. Bhí na fir ag baint a gcótaí díobh as éadan a chéile. Níor stadadar don troid gur shroicheadar Baile Atá Rí agus marbhuigheadh fear ins an grásgar agus chuir sin deire leis patrún as sin amach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear darbh ainm Páidin Ní Flaiteartaigh in a cómhnuidhe i lios an Uisge uair amháin agus bhí cú agus mada géar i gcómhnuidhe aige. Bhí ann thóir go brath aige bheith ag fíadhach. An lá seo ar chuma ar bith deirig se go moch agus amach leis a fíadhach. Niorbh fhada gur dhúisigh sé giarrfiadh agus as go brach leis féin agus na madraí in a diaidh. Bhíodar tóruighthe amach ag rith ina diaidh i gcaitheamh an lae agus níor fhéadadar teact suas léithí. Nuair a bhíodh sí tuairim is dá chéad slat amach rómpa shuidheadh sí ar a gogaide go dtiochfadh na madraí i bhfoigseacht cúpla slat dí agus ar aghaidh leití arís ar nós na gaoithe. Coinnigheadar mar sin anois í gcaitheamh an lae nó go raibh an grián ag dul faoi agus Páidín i rith tuitim i lagar leis an ocras nuair a chuaidh an giarrfiadh isteach i gcarnán cloch i lár páirce Dubhairt sé leis féin annsin go mba bharamhail an rud í fhágháil annsin agus é leath marbh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.