Scoil: Cúl Umha (Cailíní)

Suíomh:
Cúil Lú, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bríd Ní Mhurchú

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cúl Umha (Cailíní) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0081, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

1) Ní téigheann doineann thar Domhnach na rabharta tar Céadaóín

2) Is mó cor cuireann lá Márta dhe
3) Chómh corrathónach leis an ngaoíth Mhárta
4) Ceo ar ghleann ceo an sonas, ceo ar cnuic, ceo an donas
5) Tuas ceataibh ceo, nó deire ceathaibh ceo
6) Ní hé lá na gaoíthe lá na sgoilb
7) Bíonn an cnaipín ar Cnoc Ruadh is eirigheann an grían go (-) agus sé mo baramhail go mbéidh sé fluich

1) Fáinne thar timcheall an geallaighe - baistighe

2) Na faoileáin ag teacht isteach on bfairrge agus ag caoíneadh - stoirm
3) Cat agus a chúl cois teine - baístighe
4) Cat ag sgríobhadh ádhmaid - stoirm
5) An grían ag dul síos agus sgamaill tar timcheall air - báistighe
6) An grían ag dul síos agus dath bán air - báistighe
7) Ná geanna fíadháine le feiceal - sioc
8) Dath dubh ar na froganna - baístíghe
9) Na lachain ag screachail - baístighe
10) Na pí-coca ag caoíneadh - báistighe
11) Núair a cíonn tú Cruach Pádhraig in aice leat - báistighe
12) Súaidhe ag tuitim - báistighe

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Tréise Ní Laighin
Inscne
baineann
Aois
11
Seoladh
Treastarnach Theas, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Micheál Ó Laighin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Treastarnach Theas, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge