Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus bhí sé pósta agus an chéad bhean a bhí aige cailleadh í. Agus ní raibh aici acht aon mhac amháin. Annsin pós an fear arís agus an dara bean a bhí aige, bhí sí an-olc leis an leas-mhac agus séard a thugadh sí dhó, acht leicín agus chrathadh sí gráinne min-plúir uirthi. Annsin oidhche amháin dubhairt an leas-mhac "faríor géarr gan mo chosaidh nithte agus mo leicín leice agus mé i mo chodladh." "Cé an sórt leacín leice" arsa an t-athair ó arsa an leas-mhac sé an sórt beatha a fághaim-sa leicín a gcraitheann sí gráinne min-plúir air. Ó arsa an t-athair ná bach leithe. Bhéarfaidh mise bídh duit feasta. Agus ó'n lá sin amach ní raibh baint ná láimh isteach ag an leas-mháthair leis an mac uaidh sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Breatnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Áinne Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40