Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí athair agus a mhac ag siubhal lá agus chuadhar isteach i dteach agus sé an comhluadar a bhí ánn sean-fhear agus sean-bhean. Do bhí mart i bruith i bpota ar an teine agus nuair a tháinig an tráthnóna bhí an t-athair ag dhul i abhaile agus d'fhiafruigh an mac de cá raibh sé ag dhul dubhairt an t-athair go raibh sé ag dhul i abhaile.
Dubhairt an mac nach ngabhfhadh sé fhéin i abhaile nó go bhfuigheadh sé píosa dho'n mhart, caithfheadh tú adeir an sean-fhear ní dhearna an sean-fhear acht a dhul amach sa ngarrdha agus fáinne a dhéanamh go shlait agus dubhairt sé leis an mac breathnughadh thríd acht chómh luath is a bhreathnuigeadh is beag nár thuit sé i laige agus rith sé amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe