Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí breitheamh ann uair agus ba é an t-Árd bhreitheamh a bhí ar Éirinn uilig é.
Bhí buaidh aige seo agus ba é an bhuaidh sin dá mbeadh duine 'sa tír nach mbeadh i ndon an fhírinne a innseacht nó dá mbeadh duine ann a mbeadh sé de fhaisiún aige a bheith ag innseacht bréaga bheadh sé (an breitheamh) i ndon é do léigheas.
Tugadh go leór chuige agus má tugadh féin bhí sé i ndon 'chuile duine aca a léigheas. Bhí cailín amháin ag fear saidhbhir agus ag a bhean agus ní raibh aon chailín 'san áit ní ba deise ná í acht go raibh aon locht amháin uirthí, bhí sí bréagach.
Ba mhinic a deireadh sí rudaí nach mbíodh i gclár ná i bhfuirim.
Bhí croidhe a h-athar agus a máthar brisde aici ag innseacht bréaga.
Dúbhradar 'sa deiridh leó féin go dtiúbhradh siad go dtí an breitheamh droidheachta í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe