Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Corrachaí na Trá Báine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1)
    Mo mhallacht go na corrachaí
    Is mo mhallact go na báid
    Mo mhallacht go na corracaí atá
    thall ins an tráigh bháin
    Siad a bhain mo cheathar dearbrathair díom
    a raibh feilim aca ann.
    Is nach cuma leis an gCealach
    mar is é atá istigh ina náit.
    (2)
    Báitheadh Tom is Peadar, is bhí eara mhór ina ndhiaidh.
    Is dearbráthair eile Mairtín a báitheadh, fadó ariamh.
    Is Michil bocht ba mheasa liom,
    Ná a bhfaca tú ariamh.
    Is mo mhallacht gun toin bháidhthe,
    Is í a dfága mo cheann liath.
    (3)
    Thorraí dhíbhse a dearbhrathaireacaí,
    nach dtagann sibh i dtír.
    Seacas a bheith ga mucáil idir fairraigí,
    is gá gcuir ó thaobh go taobh.
    Mar chaonfhadh sean-mhná an bhaile sibh
    I gcleamhnas is i ngaol.
    Is go gcuirfhidh connradh gheal orraibh,
    amach ó láimh an t-saoir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mairtín Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65