Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Éireoidh mé Amárach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1)
    Eireoch mé amáireach le fainne an lae ghléigil.
    Is tiubhradh me an cuairt úd thar timcheall barr sléibhe
    Go bhfága mé slán is beannacht
    ag a mbaineann dom i nÉirinn
    Is ní fheicfear airís ar chuairt mé
    go labhruigh an chuach ins gach régúin.
    (2)
    An bhfuil nidh ar bith níos breághtha
    Ná bláth na náirní i dtús an tSámhraidh
    Na na faoileáin binne bhána
    Is iad ag snámh ar loch Éirne
    Tá an grian ós cionn tsáile ann
    Is a deárlach ag gabhail timceall
    Is nach mar siud a bhíos mo grádhsa
    ag déanamh rámhailtí in-a h-inntin
    (3)
    Ar maidin lá Samhna
    Cé leis mar is misde
    Mé ag seoladh na ngamhna
    Is ghá dtabhairt chuig an uisge
    Dhá dtagadh blath buidhe ar an eorna
    Is go dtosuigh an foghmhar ag dul cun finne.
    Cá bhfuil aon rud mar bláth na hóige
    Is gur i ndiaidh mo stór atá mise
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mairtín Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65