Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Seanfhocla”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is fuide go bráth, ná go bealtaine.
    Drannadh madaidh, gáire Sasanaigh.
    Is foisge do mhnaoi leith-sgéal ná práisgín.
    Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga.
    Is beag an ghaoth nach lúbfadh tráithnín.
    An rud a sgríobhas an púca léigfhidh sé féin é.
    Éist le glór na h-abhann agus gheobhaidh tú breac.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Rud beag ag fás ar chrann, chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é, agus leig aon duine amháin siar é.
    "Ubhall."
    Thuit mairt le aill, agus dheamhan crámh a briseadh ann.
    "Seilmide."
    Droichead ar loch, gan maide gan cloch.
    "Leac-oidhre ar uisge."
    Feicim-se é, agus ní fheiceann tusa é, agus is gaire dhuit-se é ná dom-sa.
    "Cúl do chinn."
    Chuaidh mé suas an bóithrín, casadh mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.