Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 045
- XML “Bean na dTriúr Iníon”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean fadó ann agus bhí triúr inghean aici, agus dubhairt an inghean ba shine go ngabhfadh sí ar lorg oibre. "Tá go maith" arsan mháthair.
Rinne an mháthair cáca annsin, agus d'fhiafruigh sí de'n ingin cé aca a b'fhearr léithe leath an cháca agus a beannacht nó an cáca uilig agus a malacht.
"Tabhair dhom an cáca uilig, agus ná bac le do bheannacht," arsa'n cailín. D'imthigh sí léithe annsin agus níor stad an mháthair acht ag cur a mallacht i n-a diaidh.
D'ith sí an cáca annsin agus céard a casadh léithe acht bothán beag nach raibh ann acht sean-chailleach.
Bhuail sí ar an doras.
"Cé atá annsin," arsa'n chailleach.
"Cailín aimsire," arsa'n cailín.
"Gabh amach" arsa'n chailleach agus tabhair isteach lán an t-séaláin d'uisge. Chúaidh an cailín amach agus ní túisge a bhí an séalán tugaidhthe aníos as an tobar, ná bhí an t-uisge imthighthe as arís.
Chuaidh sí isteach agus rug an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 9
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Níc Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56