Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé an-chantalach nuair nach bhféadach sé pota óir a fhághail. Oidhche amháin bhí sé ag brionglóidibh go raibh pota óir ag droichead bhuidhe Luimnigh.
D'éirigh sé ar maidin lá ar n-a bhárach agus d'ith sé a bhriocfásta agus bhuail bóthar gur shroich sé droichead bhuidhe Luimnigh. Chaith sé trí lá ag siubhal ar an droichead. An tríomhadh lá casadh fear air agus d'fhiafruigh sé de céard a bhí sé ag déanamh annsin le trí lá ag siubhal suas agus anuas. Bhí mé ag bríonglóidigh go bhfhuigheinn póta óir annseo gá gcaithinn trí lá ag siubhal suas agus anuas ar an droichead seo. Téirigh abhaile adeir an fear leis, agus ná géill d'aon brionglóidibh arís go deo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe