Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Tá teac mór fada i mbárr an bhaile

    Tá teac mór fada i mbárr an bhaile
    N'áit a gcomnuigheann stór mo croidhe
    Tá a cómh caol cailce
    Tá a ghruadh tré lasadh
    A leacas mar an aoil
    Níl fada liom an t-seachtmhain
    Beinn a' cómhrádh lé na bhéal
    As a stór mo croide ná ceil orm
    Mar a' bhfuil tú dhom dhá réir
    Tiocfaidh mo grádh annseo ambhárach is cuiridh fáilte faoi
    Socruigh cathaoir dair dó go h-árd i lár an tighe
    Bain an hata dá ceann is na tugaidh aon tsárú...... faoi
    Nó go bfága tú an raicín áluinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhríain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Bríain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe