Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 115
- XML “Scéal an Rí a Bhí ina Chorr Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gáiridh chuimhnuigheadar ar an ngeall a chuir an fear a dhíol an snaoisín leo gan aon gháire a dhéanamh nó dá ndéanfadh nár bhféidir leo iad féin a dhéanamh i rioghacht daoine aríst.
Ansin thosuigheadar ag caoineadh agus bhí sé ag cinnt ortha cuimhnuigheadh ar an bhfocal a thug an fear dóibh le rádh agus is beag nár bhris a gcroidhe le canntal. Chaitheadar blianta 'na gc... bhán nó go dtí aon oidhche amháin tháiniceadar go dtí sean bhalla le haghaidh an oidhche a chaitheamh ann. Bhí curr bhán eile ansin rompa agus thosuigheadar ag cur ceisteanna ar an gcurr bhán sin céard a thug ina leithéid sin d'áit í agus d'inis sise dóibh. Chuile oidhche tagann an fear sin a chuir an draocht oraibh isteach sa halla sin é féin agus a chomrádaí agus bíonn siad ag cainnt ar dhaoine ar chuir siad draocht ortha. "Ó fanfaidh muide mar sin agus b'fhéidir go gcloisfeadh muid ag cainnt orainn féin iad. "Fannaidh" adeir an corr bhán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Sóige
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Soíge
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe