Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 114
- XML “Scéal an Rí a Bhí ina Chorr Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí Rí ann agus bhí sé an-saidhbhir. Lá amháin tháinic fear chuig an doras chuige agus bhí go leor rudaí ar iomcur aige i gciosán. I dtaobh an ciseán chonaic an Rí páipéar a raibh rud éicínt ann. D'fhiafruigh sé den fhear céard a bhí ins an bpáípéar. Dúbhairt an fear gur púdar agus go bhféadfá crot ainmhí ar bith a chur ort féin le cuid den phúdar sin a chur in do shrón agus umhlúghadh fá thrí agus Mutabor a rádh. Cheannuigh an Rí an púdar ansin agus lá ar na mhárach chuaidh sé féin agus ard shearbhóint a bhí aige amach faoin gcoill ag siubhal agus thugadar leo an bosga púdar.Ní raibh i bhfad siúbhalta aca nuair a chonaiceadar dhá ........ bán in aice locha. Dúbhairt an Rí leis an bhfear eile go ndéanfaidís dhá ....... díobh féin agus go mbeadh fhios aca céard a bheadh an dá ....eile seo a rádh. Rinneadar na ..... díobh féin ansin agus bhíodar dá marbhadh féin ag gáire faoin gcrot deas a bhí orra. Ansin nuair a bhíodar tuirseach ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Sóige
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Soíge
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe