Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus is é an tslighe bheatha a bhí aige ag iascaireacht. Lá amhain bhí an fear seo ag iasgach agus níor mharbhuigh sé ach breac amháin. Nuair a bhí an breac tamall marbhuigh aige d'iarr an breac air é a ligean amach. Dúbhairt an breac leis nach leigeach. "Ó," arsa an breac "leig amach mé agus beidh lán an bháíd d'iasg agat". Leig an fear an breac amach ansin agus ar an bpoinnte bhí lán an bháid d'iasg aige idir beag is mór.
Ba ghearr ansin go dtáinic an breac a mharbhuigh sé roimhe sin agus breac in a bhéal aige.
"Tabhair abhaile an breac seo chuig do mhnaoi agus abair le cailín an tighe é a bhruith di agus faoi cheann lá is bliain beidh beirt mhac aice."
Thug an fear an breac abhaile agus bhruith sé é mhnaoi agus faoi cheann lá is bliain bhí beirt mhac aice. Sé an t-ainm a bhí ar an mbeirt mhac seo Donn Mhac agus Dunn Mac.
Lá amháin chuir a athair maide sa talamhagus dúbhairt sé go ndéanfadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Seoighe
- Inscne
- Fireann