Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí ann uair amháin a raibh triúr mac aige.
Nuair a bhí an Rí an-lag roinn sé an talamh ar fad idir a thriúr mac. An mac ba shine bhí an talamh ag dul dó agus an t-airgead don dara mac ach ní raibh le fágháil ag an mac ab óige ach cat.
"Ochón ó" arsa an mac ab óige "níl slighe bheatha ar bith agamsa".
Nuair a mharbhóchas mé mo chat agus nuair a dhéanfas mé cupán súgha dá chuid feola ní fhéadfa mé maireachtáil ar bith a dhéanamh.
Chuala an cat a mháighistir ag caint. "Bíodh ciall agat a mháighistir" arsa an cat "cuirfe mé geall leat gur saidhbhir an fear a bheas ionat má thugann tú mála agus péire bróg domsa.
Thug sé na bróga agus an mála don chat ansin.
Nuair a bhí an cat feisttighthe suas sna bróga chuir sé gas gabáiste ins an mála agus thug an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Brian
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe