Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “Mac an Cheannaí Mála a Rugadh ar an Rása”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sí bhí istigh ar an gcéad duine ach má bhí féin thóg sí an pláta. Ansin dubhairt an rí nach mbeadh an t-ór aice ach dubhairt sé go dtabharfadh sé an t-ór dhó ar an mac. Thug an ceannaí mála an mac dó ar an ór. Thug an rí mac an cheannaí mála abhaile chuig a bhean agus dubhairt sé léithe aire mhaith a thabhairt dó. Thug a bhean aire mhaith dó in éindigh leis an gclann mac eile. Nuair a bhí sé suas bhíodh sé féin agus an chlann mac eile amach agus rud ar bith bhí siadsan ag déanamh bhíodh mac an cheannaí níos fearr ná iad. Lá amháin d'inis clann an rí dá máthair é. Céard é sin a dubhairt a máthair ach mac ceannaí mála rugadh ar an rása amach leis an gclann agus d'inis siad do mhac an cheannaí mala é. Tháinig mac an cheannaí mála isteach agus d'fhiafruigh sé den bhean ar mac ceannaí é féin. Dubhairt an bhean go mac ceannaí mála é rugadh ar an rása. D'imthigh leis ansin go dtáinig sé go dtí an rí a bhí ar féasta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Confhaoile
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Padraic Ó Confhaoile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe