Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Scéal faoi Oiread Ceann Mordhóig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aca agus ní raibh ann ach oiread ceann moirdóig agus sé an t-ainm a thugadh chuile dhuine air Oiread Ceann Mordóig. Lá amháin chuir a mháthair é le dinnéar chuig fir a bhí ag obair. Chuir sí an dinnéar síos i gcliabh. D'imthigh leis ansin ach nuair a chonaic na fir ag teacht é rith siad féin. Séard a rinne Oiread Ceann Mordóig casadh abhaile. D'inis sé dhá mháthair é. Ansin chuaigh a mháthair leis an dinnéar agus dubhairt sí le Oiread Ceann Mordóig aire a thabhairt don bhó. D'imthigh sí léithe ansin agus chuaigh Oiread Ceann Mordóig ag tabhairt aire don bhó. Tháinig Oiread Ceann Mordóig go dtí cupóig agus chuaigh sé isteach faoi an chupóig. Ní raibh sé i bhfad mar sin nó go dtáinig an bhó agus d'ith sí an chupóig. D'ith sí Oiread Ceann Mordóig in éindigh leis an chupóig. Nuair a tháinig a mháthair abhaile thosuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Confhaole
    Inscne
    Baineann