Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur thuit sí síos san tobar. "Ó tá mo mháthair báidhte" deir an fear agus tá mé dul ag na garda". "Ná teighre" adeir bean an tighe "agus tiubhradh mise trí chéad punt duit". Thug an bhean trí chéad punt do agus d'imthigh sé leis abhaile. Chuir sé fios ag a dearbhráthair saibhir an pota a bhí aige a bhí indon rud a mheadhchan. Bhí fhios ag an dearbhráthair saibhair ansin go raibh rud éigin le meadhchan ag an dearbhráthair bocht agus séard a rinne sé greis a chur ar thón an phota caoi go mbeadh fhios aige céard a bhí sé mheadhchan nuair a tháinig an pota ar ais aríst bhí trí píosa leath-choróinn ar thón an phota. Nuair a chonaic an dearbhráthair saibhir na trí phíosa leath-choróinn ar thón an phota bhí fhios aige gur airgid a bhí sé mheadhchan. Chuaigh sé féin go dtí an dearbhráthair agus d'fhiafruigh sé de cá bhfuair sé an t-airgead. D'inis an dearbhráthair bocht sin dó. Chuaigh sé abhaile ansin agus mharbh sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Confhaoile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraich Ó Confhaoile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe