Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal - Tomas agus Pádhraic

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí dearbhráthair bocht agus dearbhráthair saibhir ann fadó agus bhí siad an-mhór in aghaidh a chéile. Bhí dhá sean-bhean san dá theach. Cailleadh an tsean-bhean bhí i dteach an dearbhráthair bocht. Thug sé leis ansin í le í tabhairt an na cille. Chuir sé dhá mhaide san carr éindigh léithe. D'imthigh leis ansin go dtáinig sé go dtí teach ósta. Chuaidh sé isteach san teach ósta. Nuair a tháinig sé amach agus dóthain ólta aige, thug sé an tsean bhean amach as an carr agus chuir sé í 'na seasamh le taobh tobar agus an dá mhaide faoi na lár. Nuair a bhí an méid sin déanta aige chuaigh sé isteach agus dubhairt le cailín an tighe dul amach agus rádh leis an tsean-bhean teacht isteach. D'inis sé di cá raibh sí. Dubhairt sé go raibh sí bodhar ach í craithe agus go cloisfeadh sí thú. Chuaidh an cailín amach agus chraith sí an tsean bhean. Thuit sí síos san tobar. Rith an cailín isteach agus dubhairt sí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siobhán Ní Confhaoile
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Pádhraich Ó Confhaoile
Inscne
fireann
Seoladh
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge