Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adeir Úna thug sí an olann dó agus fíor-áthas uirthi go raibh sé le haghaidh an olann a shníomh di. D'imthigh an fear leis, ghlan Úna an teach agus fíor-áthas uirthi. Nuair a tháinig a fear isteach tráthnóna sé an chéad sgéal a d'inis Úna dó ná go dtáinig fear isteach agus go dtug sé an olann leis le sníomh. "Tá go maith" adeir an fear. D'imthigh an fear leis ag cuartuigheadh. D'fhan Úna sa teach ag smaoine ar ainm Feilpra Romala. Nuair a tháinig an fear abhaile san oidhche chuaigh siad codhladh. Amach san oidhche dhúisigh Úna. Bhí sé ciont uirthi ainm an fhir a rádh. D'éirigh sí amach léithe agus í ag guidhe Dé ainm an fhir a chur ina cuimhne aríst. Bhí sí ag siubhal léithe nó go dtáinig sí go dtí teach. Sheas sí ag an doras. Chuala sí na daoine istigh ag rádh "Cior slám sníomh slám beidh bean againn amárach mar ní chuimhnuigh sí go Feilpra Romala é m'ainmse. Bhí Úna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Confhaoile
- Inscne
- Fireann