Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Scéal faoi Úna agus Colm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus sé an t-ainm a bhí ortha Colm agus Úna. Bhíodh an bhean an chruadhógach i gcomhnuidhe ag sníomh olann agus bhíodh Colm ag obair ar ghabháltas. Bhíodh ar Úna chuile shórt rud a dhéanamh istigh sa teach. Bhíodh uirthi na ba a bhleághan, nigheachan a dhéanamh. Tráthnóna amháin bhí an droch mhisneach ar Úna. mar gheall ar an méid olann a bhí le sníomh aice. Ní raibh sí i bhfad mar sin nuair a tháinig fear isteach. Chuir Úna céad míle fáilte roimhe. "Tás agam" adeir an fear "go bhuil tú an chruadhógach ach má thugann tú an méid olann atá agat domsa béarfadh mé ar ais aríst chugat é tráthnóna amárach ach cuirfeadh mé ort rud amháin a dhéanamh má chuimhnuigheann tú ar m'ainm. Béarfadh mé do chuid olann ar ais chugat ach mar gcuimhnuigheann tú caithfeadh tú féin teacht in éindigh liom. Agus sé an t-ainm atá orm...................
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0500: The Name of the Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Confhaoile
    Inscne
    Fireann