Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 088
- XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)capall. Ansin Ó Conchubhair amach sa stábla é in áit a raibh go leor caiple tinne. Chuimil an buachaill cuid den stuff a bhí sa mbuidéal dhi ar an bpoinnte sin bhí sí níos fearr ná aon chapall dá raibh sa teach go dtí fiú Giorráinín Phleibistín Óir. "Tá do cheird agat" adeir Ó Conchubhair. Thug sé anuas Giorráinín Phleibistín Óir. "Ó" arsa an buachaill "ní fhéadfa mé é sin a shocrú nó go mbeidh sé in oidhche.
Nuair a bhí muintir an tighe na gcodhladh ins an oidhche chuaidh an buachaill agus bhí sé ag tabhairt leis an giorrán agus in áit ag gabháil ag marcuigheacht air is amhla tharraing sé ina dhiaidh é. Ansin thosuigh an giorrán ag rith. Rinne sé an oiread torainn is gur dhúisigh sé Ó Conchubhair. Lean Ó Conchubhair é, bhain de an giorrán agus chuir ceangal na cúig gcaol air.- Bailitheoir
- Colm Seoighe
- Inscne
- Fireann