Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seáinín agus A Bhó

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh aige ach aon bhó amháin agus bhí garraidhe mór gabáiste aige.
Lá amháin fuair sé an búistéara leis an mbó a mharbhadh.
Marbhuigheadh an bhó ansin. Dubhairt an fear go mbeadh píosa feola aca le haghaidh chuile gas gabáiste dhá raibh sa ngarraidhe.
Chuaidh an fear ag obair lá ar na bhárach.
Nuair a tháinic sé ins an oidhche d'airigh sé gadhair ag troid ins an ngarraí gabáiste. D'fhiafruigh sé ghá mhnaoi cá ndeacha an fheoil "nár dhubhairt tú liom píosa dhi a chur ar gach gas gabáiste dá raibh sa ngarraí.
"Ó bhó bhó" arsa an fear ag caoineadh. "Ná bí ag glaodhach ar an mbó" arsa a mhnaoi. Shíl sí nach ag caoineadh a bhí sé. Caitheadh muid imtheacht ar fad arsa an fear.
Nuair a bhíodar ag dul amach "Tarraing an doras i do dhiaidh " arsa a fear ag rádh léithe an doras a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Colm Seoighe
Inscne
fireann
Seoladh
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Mícheal Ó Brian
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge