Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí margadh déanta ag bean Hearisteatail leis sul ar phós sí é dá bhfaigheadh sé aon locht uirthi go gcaithfeadh sí trí ualach de rud ar bith dá raibh sa teach fhágháil agus imtheacht léithe. Chuaidh Hearisteatail abhaile agus dubhairt sé léithe a bheith ag imtheacht léithe ó tharla gur innis sí don fhear an chaoi an searrach fhágháil. Dubhairt sí go raibh sí sásta ach go gcaithfeadh sí a margadh fhágháil. Dubhairt sé léithe go raibh sé sásta.Ansin líon sí mála airgead agus leag sí amuigh é, tháinic sí isteach aríst agus thug sí a raibh de gasúir sa teach léithe agus leag sí amuigh iad. Tháinic sí isteach aríst is chas sí rópa timcheall ar Hearisteatail agus bhí sí dhá thabhairt léithe nuair dubhairt sé léithe "Mo mhallacht dhuit agus fan mar atá tú". Thugadar na gasúir isteach aríst agus uaidh sin amach níor shíl Hearisteatail a bhean a dhíbirt.
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe