Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faoi gur baineadh an searrach dó. D'innis sé an sgéal do bhean Hearisteatail.
"Tá Hearisteatail amuigh ag iasgach" a dubhairt an bhean "agus tá lochán beag ar an gcosán mbeidh sé tigheacht abhaile ann. Tabhair leat slat iasgach agus bí ag iasgach ar an lochán nuair fheicfeas tú ag tigheacht agus má fhiafruigheann sé díot céard tá tú ag déanamh ansin abair gur ag iasgach atá tú. Cinnte abróchadh sé leat nach raibh aon bhreac ariamh ar an lochán sin agus abair thusa gur córa don lochán breac bheith air na don gearrán searrach bheith aige. Rinne an fear mar a dúradh leis. Nuair a tháinig Hearisteatail i láthair dubhairt sé nach raibh aon bhreac ariamh ar an lochán sin.
"Tá sé chomh córa don lochán breac bheith ann ná ag gearrán searrach bheith aige" a dubhairt an fear.
"Ó bhí oide maith múinte agat" arsa Hearisteatail. Caithfidh tú do shearrach a fhágháil mar bhí fhios aige gurb í a bhean féin a dubhairt leis é a rádh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe