Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mháthair agus ó tharla go bhfuil an aois uirthi agus na fiacla go dona aici níl sí indon é congailt agus mar sin íosfaidh mé féin é. Nuair a bhí sí ite aige tháinic aithmhéala air is dubhairt sé cá bhfuighe mé cearc le haghaidh an dream tá amuigh.
Annsin chuimhnigh sé air féin go raibh cearc ag gor ag a mháthair. Rug sé uirthi agus thug sé anuas í is chaith sé síos sa bpota í. Thosuigh sé ag ól an barraille leana agus is gearr go raibh sé tuirseach. Ansin bhreathnuigh sé amach go bhfeicfeadh sé a raibh a mháthair ag tigheacht ach ní raibh. Nuair a bhreathnuigh sé isteach chonnaic sé an barraille leanna doirte ag an ngadhar. "Anois" adeir sé "níl blas fágtha sa teach agam, agus tá an t-urlár fliuch agam." "Ach má tá féin ní i bhfad bheidh sé mar sin mar tá mala plúir ansin agus craitheadh mé air é". " Tá an cearc crochta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ních Bhríain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe