Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “An Fear ag Cócaireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag ceapadh nach raibh a bhean ag déanamh tada.
    Lá amháin dubhairt sé léithe dul amach sa ngarraidhe ag obair is go bhfanfadh sé féin ag obair istigh sa teach.
    Chuaidh an bhean amach is thug sí léithe a laidhe is thosuigh sí ag obair. Thosuigh an fear ag déanamh maistreadh is ag réiteach an tighe.
    Bhí bó aige agus bhíodh sí ag imtheacht uaidh agus cheangail sé rópa uirthi is cheangail sé an rópa de féin is leig sé anuas sa simléar é. Níorbh fhada gur imthigh an bhó tamall ón teach taobh amuigh is tharraing sí an fear suas san simléar. Tháinic an bhean isteach ag iarraidh a dinnéir. Chonnaic sí an fear thuas san simléar is an mhuc ag ól an bhainne. Bhreathnuigh sí ar an teine is bhí sí as.
    Thosuigh sí ag gáire chomh hard is bhí sí indhon agus dubhairt sí "dá dhonacht mé féin is measa tusa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1408: The Man who Does his Wife's Work
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Fághartha
    Inscne
    Fireann