Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Abairtí faoin Aimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Má thagann an Márta isteach go dána téigheann sí amach go socair sásta.
    Má labhrann an chuach ar chrann gan duilliúr
    Díol do bhó agus ceannaigh arbhar.
    Farraige corruigh tráthnóna cuain
    Biodh an t-iasgaire ag dul chun suain.
    Nuair a bhíonn an spéir dearg tráthnóna bíonn aimsear gharbh air.
    Nuair bhíonn garraidhe timcheall bíonn báisteach air.
    Má thagann an gáth gréine roimh Lá Fhéile BrIghde
    Tiocfaidh an sneachta i bhfad roimh an nGeimhreadh.
    Má luigheann an cat sa ngrian i mí Eanáir
    Gabhfadh sé go leac an teallaigh sa Mhárta.
    Má bhíonn na locháin folamh ag tigheacht don Mhárta
    Beidh siad lán ag imtheacht dhó.
    Nuair bhíonns garraidhe timcheall na gealaighe
    Bíonn báisteach air.
    Nuair bhíonn an spéir dearg tráthnóna bionn aimsear gharbh air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge